Fada is Fairsing

Fada is Fairsing

Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
00:00
00:00

單集摘要

Ar an gclár seo bhí Máire Nic an Bhaird agus Laoise Ní Chléirigh ó Ollscoil Mhá Nuad ag labhairt linn faoin tsraith greannán seo ar chúrsaí timpeallachta ar oibrigh siad air le chéile in éineacht le Tom Curran ó ChOBÁC. Chomh maith leis sin labhraíomar le Liadán Ní Fhoghlú ón ngrúpa feachtasaíochta Gaeil ar son Gaza linn le labhairt faoin bhfeachtas, imeacht a bheas acu ag deireadh mhí na Samhna i nDún Garbhán agus a gcuid tléinte agus geansaithe leis an Spailpín.

單集

1071-

Clár 483 - 2025 - Raidió na Life

30 Sep 2025
1070-

Clár 482 - 2025 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, bhí Bainisteoir an tionscnaimh Céad Míle Fáilte, Connlaith Ní Raifeartaigh linn le labhairt faoin maoiniú €468,000 ón Rialtas don tionscnamh a fógraíodh don tréimhse 2026 agus 2027. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh le Trish Coen maidir le Feachtas Inis Oírr don Phalaistín agus gníomhaíocht an ghrúpa go dtí seo.

23 Sep 2025
1069-

Clár 481 - 2025 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, bhí an staraí Úna Ní Broiméil ag labhairt linn faoin gclár TG4 a raibh sí páirteach ann faoi na naisc idir Éirinn agus Na Chéad Náisiúin.

16 Sep 2025
1068-

Clár 480 - 2025 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, bhí Joe Ó Ceallaigh ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall linn le labhairt faoin Lá Gael agus Preabghaeltacht a bhí ag an gComhairle in éineacht le Pleanáil Teanga Thuaisceart Dhún na nGall i Londain.

09 Sep 2025
1067-

Clár 478 - 2025 - Raidió na Life

Ar an gclár seo, labhair Joe Ó Dónaill linn faoi na himeachtaí ag a labhair sé mar chuid fhéile na nGael Milwaukee i lár na míosa agus neart eile!

26 Aug 2025